Clár Ghlas

Tá an Clár Glas faoi lánseol i G.M.A. ag an bpointe seo. Cláraíodh an scoil don Chlár
Glas sa bhliain 2000 le múinteoir Orla agus bhain muid ár gcéad brat glas amach i 2004. An aidhm a bhí ag baint leis an gclár ná go mbeadh na páistí feasach faoi chúrsaí drámhaíola agus gníomhach i mbainistiú drámhaíola.

‘Sí Susan an comhordnóir don Chlár Glas anois. Ar Choiste Glas na Scoile tá beirt pháistí
ó gach rang ó rang 3-6.